Scoil: Cnoc na Naomh

Suíomh:
Cnoc na Naomh, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 13

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 13

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Naomh
  2. XML Leathanach 13
  3. XML “Seanscéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéalta

    Bhí sean lánamhain 'na gcomhnaidhe i mbárr an bhaile s'againne. Bhí siad comh bocht leis na deóra.

    Sean-sgéalta
    Fuair mé na sean-sgéalta seo ag mó mhathair mhór Bríghid Níc Eachmharcaigh, Caoldruim
    Bhí sean lánamháin 'na gcomhnuidhe i mbárr an bhaile s'againne. Bhí siad comh bocht leis na deóra. Ní rabh aon ghreim le h-ithe aca Bhí sean-chapall aca a bhí comh sean leis an cheó. Lá amháin d'imthigh an sean-dhuine 'un aonaigh leis an chapall a dhíol. Nuair a bhí an fear ag tarraingt ar shráid an aonaigh casadh fear agus stócach air, "Bhéirfidh mé an stócach seo duit ar an chapall" arsa an fear. "O! ní thiocfadh liom" arsa an seandhuine,"Airgead atá a dhith oram-sa." "Bhal" arsa an fear eile, "Tá an stócach seo lán comh maith le airgead". "Seo bhal tá an margadh deánta", arsa an sean-dhuine. Rinne siad an mhalairt agus d'imthigh an bheirt 'un na bhaile.
    Nuair a phill an sean-dhuine 'un na bhaile thoisigh a bhean a mhalachtaigh air. "Cá chuighe a dtug tú leat an stócach seo agus gan a dhath le h-ithe againn féin,
    "Seo, seo, " arsa an stócach deán bolgam tae dúinn. D'éirigh sise go fuar fall fadalach agus rinne réidh bolgam. Nuair a bhí an tae ólta dubhairt an stócach "Rachaidh mise agus tusa suas 'un na chnuic le dhá mhála fraoich a bhainnt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
    2. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Nic Eachmharcaigh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal