Scoil: Caiseal na gCorr

Suíomh:
Caiseal na gCorr, Co. Donegal
Múinteoir:
Donnchadh Mac Giolla Chearr
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal na gCorr
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “Paidreacha”
  4. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. an urnaighe seo damh fosta.
    Maighdean Mhuire is gille do'n ghréin, Mháthair Íosa gille gan smáll.
    Coinnéall Íosa Flaithis De
    Go mbéidh Íosa liom ar uair mo bháis.
    Maighdean Mhuire agus a Mháthair Dé , bhfuil fuasglughadh na cruinne ar do láimh go bárr. Amuigh ar dá leanbh a d'fhulaing a pháis go géar, a Mhaighdean Mhuire a Mháthair Dé, bhfuil fuasglughadh na cruinne ar do láimh go bárr.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caiseal na gCorr, Co. Donegal
  2. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Luighim sa ar mo leabaidh-se mar shíntear mé san uaigh. Seo an fhaoisdín chruaidh ghlan a ghnídhim-se le Mac De. fa eochairí mo cholna, agus fa olcas mo chroidhe. O, a Dhia is iomdha rud a geallaimíd is nach ndéan muid. Mhaighdeán Mhuire suidh ag mo cheann. Naomh Eoghan Báiste, na naomh easpail suidhe ag mo bhonn. A theachtairí dhílse n-éideadh Chríost, bí agam i n-am, go gcuiridh tú séala Chríosta ar mo anam dhílis a cheannuigh Iosa ar an chrann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.