Scoil: Caiseal na gCorr

Suíomh:
Caiseal na gCorr, Co. Donegal
Múinteoir:
Donnchadh Mac Giolla Chearr
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 206

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal na gCorr
  2. XML Leathanach 206
  3. XML “Scéaltaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéaltaí

    Bhí fear ann aon uair amháin, agus bhí triúr mac aige. Bhí an mac a b'óige iontach maith ag obair, agus bhí an bheirt eile iontach fallsa.

    Bhí fear ann aon uair amáin, agus bhí triúr mac aige. Bhí an mac a b'óige iontach maith ag obair agus bhí an bheirt eile iontach fallsa. Gheall sé díobhtha go bhfágfadh sé a chuid fhéin ag gach mac acu.
    Sul a bhfuair sé bás d'fág sé an méid a bhí aige uilig ag an mhac b'óige, mar go bé eisean ab'fearr leis. Ní rabh an dá mhac eile sásta le seo.
    Nuair a fuair sé bás cha rabh an dá mhac eile sásta é a chur, agus choinnigh siad sa tseomra ar feadh fada go leor. D'imthigh an mac a b'óige agus chuir sé é, agus nuair a chonnaic an dá mhac eile seo, d'imthigh siad síos 'na roilige agus thóg siad araist é, agus thug leis 'na bhaile é. D'imthigh an mac eile airist agus chuir é.
    Annsin chuir sé gárdaí ar an uaigh. Tháinig an dá mhac araist fá choine é thabhairt leo, ach bhí na gardai rompa. Thoisigh siad a throid leo ach fuair siad-san an bhuaidh órtha.
    D'imthigh siad 'na bhaile sa deireadh agus a saith corraigh ortha. Mharbhuigh siad an mac annsin, agus d'fhág sin an teach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Níc Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fána Bhuí, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Niall Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Fána Bhuí, Co. Donegal