Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 261
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean agus fear ann aon uair amháin agus bhí feirm mhór talaimh acu. Lá aonaigh amháin d'iarr an bhean ar an fhear a ghabhail 'un aonaigh agus muc a cheannacht.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh sí amach annsin arís agus nuair a mheas sí an brachán a bheith bruithte, d'iarr sí ar an fhear a ghabhail isteach agus an brachán a thógail agus é a fhágail ag an doras go bhfuarochadh sé. Thainig an fear isteach agus rinne sé mar h-iarradh air. Nuair a bhí sé ag gabhal amach arís rinne sé dearmad an doras a dhruid agus thainig an muc isteach,
Chonnaic sí póta an bhracháin ag an doras agus tharraing sí air. Chuir sí a ceann síos ann agus thoisigh sí a ithe an bhracháin. Nuair a bhí deireadh ithte aici d'feach sí le na ceann a fhágail aníos as an phota ach cha dtiocfadh léithe. D'imthigh sí amach agus an pota ar a ceann léithe.
Nuair a thainig muinntir an toighe isteach thoisigh siad a chuartughadh an póta ach ní thiocfadh leo é a fhághail. Chuaidh an fear amach a chuartugadh taobh amuigh, agus chonnaic sé an mhuc amuigh agus an pota ar a ceann léithe. D'innis sé an sgéal do na mhnaoi agus dubhairt sise leis go gcaithfeadh sé an mhuc a mharbhughadh no gur chosamhail go rabh sí fiadhanta.
Lá thar na bhárach mharbhuigh sé an mhuc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shiaghail
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 44
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal