Scoil: Mín na Croise

Suíomh:
Mín na Croise, Co. Donegal
Múinteoir:
Máire C. Ní Choileáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Croise
  2. XML Leathanach 110
  3. XML “Scéalta fán Mhadadh Rua - An Gabhairín Curcach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ach gabh anuas annseo a chréatúir bhoicht no tá mé cinnte go bhfuil tú fuar, fliuch, ocrach, agus gheóbhaidh tú braon brot a théifeas thú”. Anuas leis an créatúr agus chomh luath agus fuair an madadh ruadh taobh istuigh de’n doras í, dhruid sé amach an doras agus dubhairt léithe - “Cé aca i bhfeárr leat mé do shlugadh no do chognadh”? Bfeárr liom tú mo shlugadh arsa’n gabhairín curcach bocht agus d’fosgal sé a bheul agus shlug sé síar í.
    Bhí sin go maith agus ní rabh go h-olc, smaoitigh sí ar mhiodóg a bhí ann a póca agus bhí sí ag tochartadh ariamh no go bhfuair sí greim air. Thóg sí ‘na laimh í agus rois anuas an mhadadh ruadh ó bhun a sgeadamáin go dtí a ruball agus amach leis an iomlán dearg ar an urlár. Nigh sí agus ghlan si iad agus shuidh siad síos agus d’ól an bhrat té a bhí thoigh’n mhadaidh ruaidh agus ní tháinig mac - tire no madadh ruadh orthú o sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. foxes (~151)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Choileáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    31
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gleann Cholm Cille, Co. Donegal