School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 122
- XML “Seán Amaideach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíodh na sagairt ibfad o shoin ar a seachnadh théidheadh siad thart ó theach go teach agus chaitheadh siad coicithghis thall agus abfos imeasg na mbocht inganfhios do na shaighdiurí agus thigeadh na daoiní as gach ceárn ‘na toighe sin le ceisteanna a chuir air agus a n-anam a dheánadh.
Bhí baintreabhach agus a mac Seághan ‘na gcomhnaidhe ar thaobh cnuic agus thainig sé thart gur chuca a bhí’n sagárt le teacht an taom seo. Ní rabh Seághan ar an chuid ba chliste air - bíodh a mhathair i [gcómhnaí]? Radh go rabh sé easbhaidheach - agus na dhiaidh sin ní rabh an dochar sá duine bhocht, ach le sgeul fada a dheánadh goirid rinne siad réidh facoinne an t-sagairt. Glan an bhaintreabhach an cró beag toighe comh maith agus thiocfadh léithe agus annsin d’imthigh sí ‘un t-siopa leis na [neithe]? beaga a bhí a dhith oirthí do’n strainséar. “Anois” arsa sise le Seághan, “glan thusa suas an camhsa go maith agus cuir dórnán leac thall agus [abhfos]? ‘sa chaoi go mbéidh áit ag an t-sagart le n-a chosa a chuir. “Deánfaidh cinnte” arsa Seághan.(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Age
- 34
- Occupation
- Múinteoir