Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ruaigfeas mé.
Gadhar (a) ruaigfeadh fiadh
Fiadh (a) shnámhfadh uisge
Uisge (a) fhliuchfadh cloch
Cloch (a) líomhfadh tuagh
Tuagh (a) gheárrfadh slat
Slat a sgiúrfadh tón Murchaidh Bhig
D’ith mo chuid súbh-chraobh aréir
Chuaidh sé leis an ghadhar annsin. “Ní bhfuigh tú mise arsa’n gadhar go bhfuigh tú arán damh”.
Arán a d’iosfhadh gadhar
Gadhar a ruaigfeadh fiadh
Fiadh a shnámhfadh uisge
Uisge a fhliuchfadh cloch
Cloch a líomhfadh tuagh
Tuagh a gheárrfadh slat
Slat a sgiurfadh tón Mhurchaidh Bhig
A d’ith mo chuid súbh-craobh aréir
Chuaidh sé chuig an fhuinteóir annsin ag iarraidh aráin. “Ní bhfuigh tú arán uaim-s go dtéidh tú chuig an mhuilteóira” Chuaidh sé chuig an mhuilteóra annsin agus dubhairt an mhuilteór leis nach bhfuigheadh sé aon ghreim mine go bhfuigheadh sé uisge as(leanann ar an chéad leathanach eile)