Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 142
- XML “Murchadh Beag agus Murchadh Mór - Iníon Rí Ó Dómhnaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí Murchadh Beag agus Murchadh Mór n-a gcómhnuidhe idteach amháin ar thaobh cnuic. Pánuidhe mór urradhanta a bhí i Murchadh mór agus chongbuigheadh sé Murchadh Beag i gCómhnuidhe faoi n-a smacht.
Maidin amháin, d’iarr Murchadh M. ar Mh. B imtheacht leis amach n-a choilleadh agus lán an chapain de shúgh-chraobh a bhainnt do. D’imthig Murchadh Beag, bhain sé n-a súgh chraobh agus ar thoradh moille, thug a aghaidh ar a bhaile. Le sin fhein, tháinig croth mór fearthaine air agus shuidh sé síos faoi chrann le fasgadh a fhághail. Bhí sé ‘g amharc ar na duilleógaí ahus thuit ceann amháin isteach sa’ chapan, agus dhearc Murchadh Beag ar na súgh-craobh millse a bhí sé tabhairt abaile fhad le Murchadh Mór fallsa. D’ith sé ceann aca agus bhí sé an mhilis, d’ith sé an darna ceann agus bhí sé ní budh mhillse; d’ith sé an triomhadh ceann agus ag deireadh na dála, tháinig sé abhaile leis an chapan fhollamh chuig Murchadh Mór.
Duine mall-fhoclach dubhranta a bhí i Murchadh Mór agus níor dhubhairt sé focal.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 33
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal