Scoil: An tSraith

Suíomh:
An tSraith, Co. Mayo
Múinteoir:
Seán Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 618

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 618

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An tSraith
  2. XML Leathanach 618
  3. XML “Naomh Deirbre”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is í Naomh Deirbre Patrúin na háite seol. Chaith sí cuid dá saoghal in Oifig an Phuist acht ní raibh an obair ar a sásamh agus thóg a mhuinntear as an áit í agus d'fhan sí s(?) -bhaile ar feadh tamaill.

    Chuaidh sí go dtí Americe agus tar-éis tamaill eile tháinig sí arais. Thuit caiptín na luinge in-grádh léi ar an d-turas. Tháinig sí abhaile go Fáill Mór agus tháinig an caiptín do'(?) áit cómh maith. Nuair chonnaic an naomh é sin chuaidh sí go dtí an chaiptín agus d'iarr sí air céard a bhí ag tabhairt an bealaigh sin é. Dubhairt an caiptín go mba mhaith leis í a phósadh agus annsin d'iarr sí air cé'n cuid di gur thuit sé i ngrádh leis. D'freagair sé go raibh na súile ba dheise dá bhfeacha sé ariamh aice. Thóg sí amach a súile agus thug sí do'n caiptín iad agus dubhairt sí leis bheith ag imtheacht. D'imthigh sé agus nuair abhí sgathamh suibhalta aige dhearc sé na thimcheall agus ní raibh le feiceál aige acht caora. Chaith sí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mhuilligh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tSraith, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Mhuilligh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    85
    Seoladh
    An tSraith, Co. Mayo