Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)

Suíomh:
Masiness, Co. Donegal
Múinteoir:
Máire Ní Cholchuin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Más an Easa (C.)
  2. XML Leathanach 260
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Bhí bean ann uair amháin agus bí gasúr beag aici. Aon lá amháin chuaidh sí go dtí an t-siopa agus d’fhág sí an gasúr sa bhaile ag coimhead an toighe. Bhí chrearc ghuir amuigh i grró na gcearc agus d’éirigh an chearc as na h-uibheacha agus rith sí ar siubhail. Chuaidh an gasúr amach agus thug sé na h-uibheacha isteach go dtí an teach, agus d’fhág sé iad ag an teine agus i dtamall beag bhí siad an fhuar, bhí pota uisge ar an teine agus chuir sé na h-uibheacha isteach san phota agus dubhairt sé leis fhéin go mbéadh siad teith go leor annsin. Annsin fuair sé scála salann agus rith sé indhiaidh an chearc agus chaith sé an scála salann ar an chirc agus tháinic sé na bhaile agus nuair a bhí sé ag dul isteach ‘un toighe, bhí a mháthair ag teacht amach as cró na gcearc agus chuir sí ceist air, Cá bhfuil an chearc, Dubhairt sé, Idir seo agus Leitir Cheannain, agus cá bhfuil na h-uibheacha, dubhairt sé,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ards, Co. Donegal