Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)

Suíomh:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Múinteoir:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim na Rath
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “Sagairt den Aimsir Pheannaideach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bliadhain 1651 - sé sin níos mó no seasga bliadhna sul a rugad Eanos - d'fág na manaigh a gcuid foglaim na ndiaid agus mhair se fa choinne bliadhanta. Ghidh nac rabh mainistear ar bith acu anois d'fán na manaigh thart fa'n áit ag caitheamh oidhche ins an teach seo agus oidhche eile ins an teach suid thart fa'n paroiste, ag teagasc na daoine agus ag coinnneal fogluim beo. Leóga bí corr manach ins an paróiste seo suas go dtí cead bliadhain o soin. Fuair an "Friar Cuirning," bás i dteac Domhnaill Ui Cheallaigh ag an Mais an Easa, comhgarac leis an Craosloch annseo roinnt beag bliadhna níos mó no chéad bliadhain o shoin.
    Sin a dóigh a fuair Eanos a chuid fogaluim, agus nuair a bhí se ocht bliadhain dheag bhí cuid mait de leigheamh aige agus bhí eolas maith aige ar Laidin. Bhí na sagairt gann i nEirínn ag an am sin, agus an corr ceann a bí ann bhí droch dóigh a gceart orthu, agus ní rabh móran suibhneas (?) acú, cionnus go rabh na muintear galda ag seilig iad i gcomhnuidhe acht mar sin fein níor cuir seo coisg ar bith ar fir óga calma a fhogam a bheith na shagart. Chonnaic Eanos ó an dóigh bocht a bhí ar na daoine thart fa dtaobh dó, gan sagart acht corr am anois agus arais thiocfadh ceann an bhealach. Dubhairt se leis féin go mbeadh se na shagart agus go racadh sé thart ag teagasc na daoine. B'eigean do fear óg a dhul go Paris sna Fhrainc ag an am sin agus roint mór bhliadhain a chaiteamh annsin sul a mbeidh se réidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)