Scoil: An Mhaol Rua (Mulray) (uimhir rolla 13638)

Suíomh:
Duibhleann Riach, Co. Donegal
Múinteoir:
Séamus Ó Gallcobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 69

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 69

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhaol Rua (Mulray)
  2. XML Leathanach 69
  3. XML “Fear Láidir”
  4. XML “Pota Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'San am fadó, bhí fear mór láidir
    'na chomhnuidhe i Creamhair[?]. Bhí sé 'na athair mhór ar Seán Mac Giolla Brighde atá 'na chomhnuidhe i Duibhlinn Fhrioc [Fhraoigh?] anois. Bhí páirc aige síos ag an fairrge agus bhí carraig mhór 'na luighe i lár na páirce. Lá amháin bhí sé ag treabhadh 7 bhí an charraig ina bheallach. Nuair a chonnaic sé seo leig sé síos an t-seisreach 7 fuair greim ar an charraig mhóir. Thóg sé é agus i bhfeatadh na súl chaith sé é amach san fhairrge i n-aice Duibhlinn Fhrioch agus tá sí amuigh ann go fóill.
    Nuair atá an lán mára amuigh thig le duine ar bith an charraig a' feiceal.
    Deirtear fa seo gurab an fear seo ar an fear a ba láidre in Éirinn an t-am sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    2. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Carraig Airt, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Micheal Mac Giolla Brighde
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Duibhleann Riach, Co. Donegal
  2. Tá áit i dTullach a dtugtar an Dún air. Bhí sé i gcomnuidhe in intinn na ndaoine go rabh ór i bhfolach san áit seo. Lá amháin chuaidh cupla fear le spadaí go dtí an dún seo. Thosaigh siad ag carrtaghadh agus nuair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Ó Buidhe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tulach, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Máire Uí Buidhe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    86
    Seoladh
    Tulach, Co. Donegal