Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig Airt
- XML Leathanach 214
- XML “Caisleán na dTuath”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá Caisleán na dTuath suidhte ar ghéig de Chuan na Long, tuairim míle taobh thoir de Chraosloch. Caisleán án-daingean a bhí ann i n-aimsire na Bainríoghna Éilis agus go cionn tamaill fhada na dhiaidh an ama sin. Tá na ballaí de'n Chaislean in a seasamh go fóill, ach tá an ceann, na h-urláir, agus na stáighrí uilig briste síos.Ní fhuil fhios i gceart cé'n uair ar tógadh é nó cé thóg é gídh go bhfuil neart seanchais ag na daoine san chómhursanacht fa dtaoibh de go dtí an lá indiu. Deir cuid de na daoinibh gur tógadh é le Neachtán Ó Dómhnaill do ceann de na chuid seachtar mac. Deir cuid eile aca gurbh í bean uasal de chuid na Sasana a thóg é cúpla bliadhain roimhe aimsir na Bainrioghna Éilis. In aon chor tá sé cinnte gur b'iad na Baoighilligh a bhí i sealbhachas an cheanntair sin ins an 13adh aois agus ins an ceathramhadh aois déag. Indiaidh sin fuair Clann Suibhne seilbh ar an duithche agus bhí siad i gceannas na tuaithe sin suas(leanann ar an chéad leathanach eile)