Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
Termon, Co. Donegal
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 410

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 410

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tearmonn
  2. XML Leathanach 410
  3. XML “Sióg”
  4. XML “Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. I bhfad o shoin bhí Tadhg O Baoighill agus a mháthair na gcomhnuidhe leó fein sna Rossaibh.
    Inaice an toighe bhí Ráth Sídheóg. Badh mhinic a rachadh Tadhg, i ndiaidh na h-oidhche, ar chuairt chuca. Bhíodh sin aca togha gach bidh agus rogha gach dighe. Chaithfeadh siad seal ag sgéalaidheacht, seal ag damhsa, seal ag seinm, agus seal ag cleasaidheacht.
    Oidhche amhain dá rabh sé ag tarraingt ortha casadh beirt aca air an Dhruim Beathadhaigh. D'innis siad do go rabh a dtriall suas go Connacht, le n-ighean an Tighearna Talaimh a fhuadach. Thug siad cuireadh do a theacht leo, go rabh beathadhach eile aca fa na choinne-san. Ar ndóighe bhí fonn airsean Connacht a fheiceáil agus léím sé 'un áirde san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.