Scoil: Ceathramha na gCanónach (uimhir rolla 16102)
- Suíomh:
- Carrownaganonagh, Co. Donegal
- Múinteoir: Eoin Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)marcuigheacht air lá amháin agus é ag smaoitiúar a chapail bhreágh. Le sin d'amharc sé siar thar a ghualainn ag amharc ar an bheathach le treán bróíd. Thuit an capall as faoi-marbh. Chruinigh na daoine as gach cearn, agus achan duine a rabh eolas ar bith aige bhí sé annsin ach ní rabh dul aca bogadh a bhaint as an chapall.Thoisigh duine annsúd 's annseo a chogarnaigh "Dá mbíodh Caitríona gasta annseo bféídir go ndéanfadh sí biseach de'n bheathach." Ach ní rabh uchtach aca labhairt air leis an tsagart.
Fuar fear amháín uchtach sa deireadh. "A Shagairt, dá mbíodh Caitríóna ghasta annseo bféidir go léígheasfadh sí do capall" arsa seisean. Níor dhubhairt an sagart seadh no ní sheadh. D'imthigh duine fa na coinne. Tháinig sí. Bhí an luibh bhrúighte léíthe ina láímh agus chuir sí siar faoi shoc an bheathaigh í. D'éirigh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Fhionnghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrownaganonagh, Co. Donegal