School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 395
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí oilean i nDubhach Bhig am amháin agus bá gnáthach leis na daoine a dhul isteach uirthí nuair a bhéadh siad ag dul amach a iasgaireacht. Ach tráthnóna amháín chuaidh baicle mór síos "na chladaigh ag dul amach a iasgaireacth. Chuaidh trí curraigh amach agus beirt fhear i ngach currach aca. D'fhan an chuid eile astoigh go bhfeicfeadh siad an bhfuigheadh an mhuinntir a bhí amuigh a dhath eisg.An mhuinntir a bhí amuigh chuaidh siad isteach agus lás siad teinidh mhór ar an oilean le na gcuid a dheanamh réídh. Comh luath agus lásgadh an teine thoisigh an t-oilean a chrathadh agus bá ghoirid go deachaidh 'un siubhal. Bhí iongantas a gcroiceann ar an mhuinntir a bhí astoigh ar an chladach.Bhí eagla ar na h-iasgaraigh a bhí ar an oileán, agus ní thiochfadh leobhtha fághailt amach duithe. Nuair a bhí an t-oileán amuigh i lár na fairrge casadh an Brazil ortha. Thoisigh an dá oileán a chainnt le chéille fuair na fir amach duithe le na gcuid curraigh agus as go brathach leobhtha. Fuair siad na bhaile slán, agus bhog an t-oileán léithe go Meiriceá.
- Collector
- Cáit Ní Cholla
- Gender
- Female
- Address
- An Seisíoch, Co. Donegal
- Informant
- Micheal Ó Feicheallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Donegal