Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 400
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí trí bhean i Rosgoill am amháin agus bhí a gcuid fear i Sasan ag déanamh Foghmhar. Chuaidh siad chuig Tighearna leis an cíos a dhíol. Dubhairt an Tighearna leo dhul na bhaile agus cé bith aca a dheanfadh amadán de na fear go maithidh sé an cíos díthe. Annsin chuaidh siad na bhaile agus achan bean ag smaoithiughadh caidé an doigh is feárr a dheánfadh amadán de na fear. A chead bhean ag d'fhiach leis, chuaidh a fear amach lá amháín a bhuint adhbhar bascoide sa choillidh. Nuair a bhí sé amuigh chóirigh an bhean í fhéin i n-éadaigh (?) nach rabh ariamh uirthí. Nuair a tháinig an fear isteach d'fhiafruigh sí dó caidé bí sé a cuartadh. Dubhairt sé nach rabh sé ag iarraidh dadaidh ach a theach fhéín. "Biodh ar shiubhal sul a gcuirfidh mé fá choinne na bpolice ort," ar sise. D'imthigh sé ag cuartadh a theach fhéín agus ní tháínig sé arais go rabh an oidhche ann. An dara bean a d'fhiach leis nuair a tháinig a fear isteach ar maidín fuair sí greim sa doras air agus ar sise, "a Bhriain caidé tá ort. Tá'n bás i láthair ort is gabh a luighe go gcuirfidh mé fá choinne an t-sagairt," agus fuair sé bás. Bhí faire air. Chuaidh an tríomhadh fear agus a bhean go dtí an fhaire agus d'fhan siad go rabh sé mall san oidhche. Chuaidh siad na bhaile agus dubhairt an fear nár bhfiú do a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Suibhán Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulaigh Chonaill, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Mac Giolla Bhuí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulaigh Chonaill, Co. Donegal