Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 108
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon ghnás 'san cheanntar seo um Nodhlaig, ach amháin na "Mummers". Téigheann naoi gclaigne de na bhuachaillí óga thart ar gach tigh 'san cheanntar in diaidh na h-oidhche; bíonn ramás i mBéarla ag gach duine aca fá na Fianna (?) agus deireann siad é agus bheireann muinntir an tighe airgead dóbhtha. Leanann sluagh mór daoine iad go mbíonn gach teach 'san cheanntar siubhalta aca. Annsin bíonn damhsa aca, agus bheirtear tae do gach duine a théigheas chuig an damhsa.
Bíonn brúitinní againn fá choinne ar suipeára Oidhche Fhéile Bhríghde. Baintear feacha agus ghnidhthear crosannaibh asta 'san tráthnóna; cuirtear uisce coscreactha ortha, agus cuirtear ceann ós cionn bhoitheach. Sul a bhíos na bruitinní réidh téigheann duine sa tigh amach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Shiadhail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rapa, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Aine Bean Uí Shiadhail
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Rapa, Co. Donegal