Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fada ó shoin agus is fada ó shoin é de chloinn tSuibhne. Bhí trí mhac aige agus fuair seisean bás in-a dhiaidh sin. Cha rabh aca ach giota beag talaimh agus dhíol siad é agus chan fhuair siad ar ach cúig phunta dhéag. Roinn siad an t-airgead agus bhí cúig phunta ag achan nduine aca. Bhí bunóg aráin aca agus chuir siad 'n-a bpócaí é agus shiubhail siad leo i mbéal a gcinn.Shiubhail siad leo an lá sin go rabh an ghrian ag gol síos agus an ghealach a' teacht aníos, agus éanacha an aéir a' gol fá shuaimhneas, gur cásadh coill ortha. Chodluigh siad an oidhche sin sa' choill. D'éirigh siad ar maidin agus shiubhail siad leo go dtáinig teas a' lae. Cásadh teach ortha ' chois a' bhealaigh mhóir. Dubhairt an fear óg go rabh tart air agus go rachadh sé isteach. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brian Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tulaigh na Dála, Co. Donegal
- Bailitheoir
- Cathal Mag Loinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Seisíoch, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Colla
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- An Seisíoch, Co. Donegal