School: Boltifree (roll number 9764)
- Location:
- Buailte Fraoigh, Co. Donegal
- Teacher: Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 112](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1093%2FCBES_1093_112.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 112
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na clocha agus bhí a beirt deirbhciur aici mar a'dhubhradh.
"Buachaill óg a bhí ionnam-sé" ars an crann "ach rinne an chailleadh crann díom. Buail leis an tslat mise fosta agus tiocfaidh mise in mo chuma féin arais."
Bhuail an cailín leis an tslat an crann agus chonnaic sí rompu an buachaill a ba doigheamhla ar leag sí súil ariamh air.
Chuaidh an triúr deirbhsiúr arbhaile chuig na mathair agus an buachaill óg leobhtha. Pósadh an buachaill agus an cailín ba óige agus bhí dóigh mhaith ortha ó sin amach. Bhí mise ag an bhainfeis agus bhí stocaí bainne ramhar agus bróga paipéar orm. Ar theacht na bhaile damh thannic mé anuas cnoc na hAmaide agus léig na stocaí agus pléasg na bróga agus thainic mé abhaile cos-tarnocht mar dimthigh mé.- Informant
- Máire Ní Eireadhain
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Address
- Srath na Bratóige, Co. Donegal