School: Boltifree (roll number 9764)

Location:
Buailte Fraoigh, Co. Donegal
Teacher:
Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Boltifree
  2. XML Page 180
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear uasal ann i bhfad ó shoin.

    (continued from previous page)
    rabh sé ag an balla. D’éirigh cailín óg amach as an bhád. D’fiafruigh sí do caidé bhí sé ag deánamh annsin. D’innis sé duithe go rabh sé ag cóimhead an balla. D’fiafruigh sí do an n-imreochadh sé cloiche. Dubhairt sé nach rabh gléas ar bith aige, nach rabh cardaí ar bith leis. “Bhal níor shiubhal mise ariamh gan paca cardaí a bheith liom fhéin arsa sise. Chuir sí a láimh i n-a póca agus tharraing amach paca cardaí. Chuaidh an bheirt a d’imirt. Fuair sise an cloiche. Chuir sí d’fhiachaibh air gan dhá oidhche a chodladh san teach amháin nó dá ndeánfadh go bhfuighfeadh sise amach é. Chuaidh sé na bhaile agus d’innis dó’n t-athair caidé mar bhí. Dubhairt an t-athair nuair a bhí na geasa sin air go rabh sé comh maith aige dhul ar cuairt. D’imthigh sé leis annsin. Bhí sé ag siubhal leis ó d’éirigh an ghrian gur luigh sí. Bhí sé ag dul thart le cois árd do bhí ann. D’amharc sé isteach faoi’n bhruach agus chonnaic sé solas beag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    Cró na Doinne, Co. Donegal
    Informant
    Duimnic Ua Ghallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Cró na Doinne, Co. Donegal