Scoil: Eanach (C ) (uimhir rolla 8958)
- Suíomh:
- Annagh, Co. Galway
- Múinteoir: Nóra Ní Dhíomasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am fadó do chomhnuidhe fear darbh ainm Seán de Burcha i gCaisleán Dhoire maclocna. Shíolruigh Seán de chlann amháin do na chlannaibh ar a tugadh an Dá Chlainn Dhéag na Gaillimhe. Bhí maoin 7 talamh aige ní amhain i nGaillimh ach i Muigheó, i Ros Comáin 7 i gConndae an Chláir. Bhailuigheadh sé cíosa ó na doine a theigheadh ar aonach sna áiteachaibh sin.
Is aige a bhí go leor leór capaill, mar sna laethe úd ní raibh slighe taisdil eile ag na daoinibh.
Tuairim triocha slata ó'n gcaisleán, tá cnoch mór 7 is ins an gcnoch sin a choinnightí na gunnaí 7 airm. Deirtear gur chaitheadh liathród ghunnaí ó Chnoch Laraighe leis an gcaisleán 7 gur sgaradh ó chéile balla soir an chaisleáin ó bhárr go bun. Tá an sgailp le feiceáil go dtí an lá indiú.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nora Ní Dhíomasagih
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Annagh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mhurchada
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 20
- Seoladh
- Ballyglass, Co. Galway