Scoil: Cathair Loisgreáin (B)
- Suíomh:
- Caherlustraun, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic de Chlár
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I.
Ag Seán O Muineacháin as Beitheach Beag tá leigheas - saghas "ointment" a reidhtigheann sé agus measgann sé seacht rudai le ceile leis an leigheas a dhéanamh. Tá sé de bhuaidh ag an leigheas aon lot no créacht a leigheasú.
II
Ag Muinntir O Craoibín i mBaile an tSléibhe tá leigheas le h-aghaidh duine dóighte
III
Uisce cloch in-iarraidh
Ní go t'iarraidh tá mé
Faíniú atá orm agus
ag iarraidh leigheas atá mé.
IV
Faigh fata; roinn i naoi gcodanna é; Tóg ceann de sna codanna agus abair: -
In-Ainm an Athar ... Amen.
Agus é a fhágail i lár an bóthair no in aice geata ionnus go bhfuigeadh duine eile an fata agus má thógann an duine eile an fata na láimh, rachaidh an fanu (wart) as do láimh go dti láimh an duine eile.(III & (IV) brought in by James McDonnell, New Village, Caherlistrane, Co. Galway, got from his father Pat, 55 years.- Bailitheoir
- James Mc Donnell
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caherlustraun, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pat Mc Donnell
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Caherlustraun, Co. Galway