Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)

Suíomh:
Carrowbeg North, Co. Galway
Múinteoir:
Máire Ní Loideáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0331

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0331

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
  2. XML Leathanach 0331
  3. XML “Caoineadh Baile Mhionánn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    muid a chomhaireamh mar b'éidir nach bhfuil muid go léir ann. Comhairfidh mise anois muid". Chomhair sé na fir agus ní raibh acht ochtmhar níor chomhair sé é féin chor ar bith. "Tá fear ar iarraidh, " adeir sé. "Téigh abhaile anois agus cuirfidh chuile duine teine in a theach fhéin. An seimléir nach mbéidh aon deatach as sin é an fear atá ar iarraidh. " Bhí sé fhéin in a sheasamh ar an gcnocán agus bhí deatach as chuile seimléir acht ní raibh aon deatach as a seimléir fhéin. Thosuigh sé ag rith abhaile agus é ag rádh, "Mise a bhí ar iarraidh, mise a bhí ar iarraidh."
    "Anois" adeir duine eile acú " támuid chomh dona is bhíomar aríamh níl aon bhean againn a bhlithfeadh an bhó." Dubhairt fear eile go mbéadh sé luath go leór bean a fhághail nuair a bhéarfadh an bhó. D'fhan síad mar sin go ceann míosa.
    Nuair a bhí an mí istigh chuaidh na fir i gcoinne an bhó. Nuair a chonnaic síad í dubhairt síad nach í a bhí ann. Ní raibh gearra ar bith 'na chluas. Ní an chaoi cheadhna bhí an bhó iompuigh nuair a chuir síad an comhartha uirthi. Chuaidh síad go dtí an sípeire. Dubhairt síad leis nach í an bhó a bhí ann go raibh comhartha acu uirthí. " Cé'n comhartha a bhí uirthí?" ars an sípéire.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1287: Numskulls unable to Count their own Number
    AT1450: Clever Elsie
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Conríogh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Aucloggeen, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seán de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Aucloggeen, Co. Galway