Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)

Suíomh:
Carrowbeg North, Co. Galway
Múinteoir:
Máire Ní Loideáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0343

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0343

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
  2. XML Leathanach 0343
  3. XML “Sníomhachán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Núair a bhéadh an Fóghmhar bailighthe isteach ag na sean-daoine fadó dhéarfadh bean-an tighe " Níl an chrúdóg orm anois agus sílim go ndéanfaidh mé píosa flainín" Bhéarfadh sí ar lomra den ollainn, réidteóchadh sí amach é agus chuirfeadh sí rúinne beala air. Gheobhadh sí péire cárlaí annsin agus bhéadh sí ghá cárdál go ndeanfadh sí roiléirí dhe.
    Nuair a bhéadh sé cárdálaighthe aici gheobhadh sí túirne ollna. Chuirfeadh sí isteach an fearsad agus an trang ar an roth. Annsin bhéaradh sí ar na roiléire agus thosóchadh sí ag sníomh. Dhéanfadh sí dhá chineal snáithe ceann a tugtar an "dlú" air agus an ceann eile "teineach". Búair a bhéadh sé sníomhtha aici imthochadh sí annsin agus dhéanadh sí ceirtlín dhe. Bhéarfadh sí an snáth go dtí an figheadóir annsin agus chuireadh sí ar an gcrann deilbh é. Caitheadh sí an snaithe cur ar fad ar na h-iotán. Núair a bhéadh sé deilbhighthe thogadh sí anuas é agus chuireadh an figheadóir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. spinning and weaving (~482)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Conriogh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Aucloggeen, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seán de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Aucloggeen, Co. Galway