School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Location:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Teacher: Sr M. Colmán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cuireann sí an leamhnacht i gcíléaraí móra leathana. Fágann sí annsin é ar feadh dhá uair déag a' chluig. Annsin bauneann sí an t-uachtar she le shimín agus cuireann sí i gcroca nó i le feircín é. Má bhíonn laogh ann tugann sí cuid de'n leamhnacht dó, agus má bhíonn gamhain ann, téidheann sé roinnt de'n bhainne sgiomtha, meascann sí min-bhuidhe, nó min-choirce tríd agus tugann sí dhó é. Measgann sí an bainne sciomtha chomh maith tré bhiadh na muc.
Nuair a bhíonn an croca lán d'uachtar déanann bean a' tighe an maistreadh. Ar dtús sgólann sí an chuigeann an claibín, clár na cuiginne agus an lointhe le h-uisge fiuchta, agus cuireann sí amach fé'n aer iad le'n iad a fhuaradh. Tógann sí isteach annsin iad agus dóirteann sí an t-uachtar isteach sa gcuigeann. Cuireann sí cos na laonthe tré pholl an chlár na cuiginne agus leagann sí ar bhéal na cuiginne é. Fágann sí an claibín anuas air annsin. Cuireann sí marc i bhfurim croise ar cliatháin na cuiginne ionnus go mbeadh an t-ádh ar an maistreadh.
Cuireann sí sloannc teuneadh fé thóin na cuiginne freisin ionnus go mveadh an t-ádh ar an im agus go gcruinneóchadh sé go tapaidh.
Beireann sí ar chois na lointhe annsin agus buaileann sí an t-uachtar go tréan go bhfeiceann sí cnaipíní ime ag eirighe aníos ar bharr an bhainne. Annsin cuireann sí fód móna fé thóin na(continues on next page)- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway