School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Location:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Teacher: Sr M. Colmán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní bhíodh bróga ar bith ag na daoine fadó. Bhíodh píosaó de craicne ainmhidhte casta thart timcheall a gcos aca, nó ag cuid eile bhíodh píosaí ádhmaid faoi'n a gcosa aca agus iad ceangailte orra le "fongannaí."
Bhí fear fiádh in a chómhnaidhe in áit in aice le Máigh gCuilleann fadó agus 'sé an leas ainm a bhíodh air ná "Séan na Cinne Móire" agus ní chaithfeadh sé bróga, ba chuma ce'n sórt aimsir a bheadh ann. Bhí sé roinnt aisteach agus bhíodh na daoine ar fad a' magadh faoi.
Bhí fear eile ann agus níor chaith sé ach bróg amháin. 'Sé an fáth a bhí leis ná:- lá amháin bhí sé ag siubhal leis agus tháinig sé chómh fada le séipéal Protastúnach. Bhí cos amháin leis istigh ann nuair a chuimhnigh sé go raibh sé a' déanamh rud mí-cheart. Tháinig brón air ann sinn agus chuaidh sé amach. Chómh luath is bhí sé amuigh bhain sé an bhróg de'n chois a bhí taobh istigh de'n doras agus níor chuir sé aon bhróg at a' gcois sin as sin amach, mar nuair a bhí sé a' ceapadh go raibh an rud mí-cheart déanta aige chuir sé an méid sin pianóis air fhéin.
Ní chaitheann na daoine óga bróg(continues on next page)- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway