School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Location:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Teacher: Sr M. Colmán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa Samhradh anois, ach fadó ní chaitheadh na daoine beaga ná móra bróga sa Samhradh. Ní chaitheadh siad bróga ach amháin sa nGeimhreadh agus bhiodh sias cosnocht ar feadh an chuid eile de'n bhliadhain, bhíodh siad ag sgaradg móna, a' sábháil fhéir, a' piocadh fataí agus chuile obair mar iad agus bhíodh siad cosnocht, agus is iomdha uair a bhíodh siad ag caoineadh le "adhaireacha".
Deirtear gur maith an rud do duine a mbeadh "adhaireacha" air a chose a nigheadh in uisge na bhfataí tar éis iad a bhruith. Deirtear freisin gur ceart uisge na gcos a chaithead amach roimh a dhul a chodladh. Ní cheart é a chaitheadh amach tar éis a dó-dhéag a chlog san oidhche ar fhaitchíos go mbuaailfidhe na sidheóga leis agus má fágtar istigh é deirtear gur cheart splannc teineadh a chaitheadh síos ann, ach is pisraóga atá faoi uisge na gcos a chaitheadh amach.
Ní déantar aon bhróga anois ins an bparáiste ach deasuightear roinnt bheag. Tugtar taoibhín ar an bpaiste si cuirtear ar thaobh na bróige. Tugtar bairbín ar an bpíosa a cuirtear ar thosach na bróige; tugtar bonnacha agus leath-bhonnacha ar na piosaí a cuirtear fe bhonna na mbróg ach 'sé an gréasuidhe a ghníodhas an obair seo anois mar ní bhíónn aon am ag na feilméaraí le'n a dhéanamh.(continues on next page)- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway