School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
  2. XML Page 0049
  3. XML “Fear a Ghoid Muc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear a ghoid muc.
    Bhí fear ann fadó, agus ghoid sé muc ó na chómhar[sa]n. Cupla lá in a dhiaidh sin chuaidh na gárdaí thart a[r] fud an bhaile ag tóruigheacht an fhir a ghoid an mhuc. Bhí an-fhaitchíos ar an bhfear go bhfuighthí amach air (an) é. Isteach leis go dtí táilliúr an bhaile agus d'innis sé a sgéal dhó. "Tabhair annse[o] an mhuc cugamsa" ars an táiliúr, "agus creid mis[e] dhuit gur gearr a bheas mise dhá chuir i bhfolach ins an áit nach bhfuighidh aon ghárda i." D'imthigh an fear agus ba ghearr go raibh sé ar fághail arís agus an mhuc marbh aige. Chuir an táiliúr síos i dhtubán í agus chuir sé clár ós a cionn ar an tubán agus shuidhe sé suas ar an tubán. Bha gearr in a dhiaidh sin go dtáinigh na gárdaí isteach go dtí an táilliúr. Chuireadar "Bail Ó Dhia" air agus d'fifhru[igh] siad do cén chaoi a raibh sé. "Tá mé ar mhuin na muice dá mbeadh an iorball in mo láimh agam," ars an táilliúr. Cuartuigheadar an teach acht ní bhfuaireadar blas, agus d'imthigh siad leobhtha arís. Thóig an táilliúr aníos an mhuic annsin agus thug sé don fhear í. Thug an fear píosa den mhuic do le n-aghaidh cuir síos do féin agus bí sé an-bhuidheach dé de bhárr an gníomh a rinne sé dhó féin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Bhailentín Ó Dubhagáin
    Gender
    Male
    Age
    c. 66
    Address
    An Móinteach Thuaidh, Co. Galway