School: Árd Raithín (roll number 6260)

Location:
Ardrahan, Co. Galway
Teacher:
Tomás S. Ó Meadhra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0036, Page 0242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0036, Page 0242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Raithín
  2. XML Page 0242
  3. XML “Riocaird Mac Duaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba as Tobair Pheadar Dick Mac Duaigh agus Riocard ab ainm dó a athair. Bhíodh sean daoine na h-aite sin ag cainnt go siorraidhe faoí. Nuair a bhí sé 'na ghasúr bhí sé ag tiomáint capall agus cibé ruda a rinne an chapaill ar an mbealach, tháinig fearg air Dick. Lá amháin rinne an capall rud éicint as an mbealach agus thug Dick buille dá dhorn do'n gcapall sa cheann agus thuit sé marbh. Bhí a mháthair ar buile agus rug sí an bhata chun é a bhuaileadh ach shabháil a athair é. Annsin dubhairt sé a déanfaidh Dick rud níos iongantaighe fós.
    Nuair a d'fás Dick suas bhí gaisgidheach Sasanach ag dul thart agus é ag gheallamhaint airgid d'on té a sheasfadh 'na aghaidh. Chuaidh Dick ag troid leis i nGort Inse Guaire agus mharbhuigh sé an Sasanach le buille
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caoimhghín Ó Fathaigh
    Gender
    Male