School: Gort na Léime (roll number 13012)
- Location:
- Gortaleam, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a thagann gealach nuadh má bhíonn sí díreach ar an spéir sin cosamhlacht go mbeidh sí go h-olc, agus má bhíonn realtóg os a cómhair amach sin cosamhlacht eile freisin go mbeidh sí go h-olc, mar deirtear go mbíonn an realtóg ag iarraidh coimirce ar an ngealaigh.
Má bhíonn an ghealach nua ar a druim beagnach, beidh sí go maith, mar deirtear go mbíonn an gealach sin indon an fhearthainn a choinneál suas.
Má bhíonn ceo ann le linn sean ghealaighe, beidh fearthainn againn go cinnte, acht ceo le linn gealaighe nuaidhe, beidh aimsir bhreágh againn, mar níor tháinic ceo sean ghealaighe ariamh agus tart air.
Má thagann an spideóg isteach ar lic an dorais deirtear gur cosamhlacht sneachta é sin.
Nuair bhíonn aimsir briste againn bíonn na cearca 'ghá bpiocadh féin ar aghaidh na gréine, agus má bhíonn sé ag fearthain ar maidin agus ma feictear an coileach 'gá phiocadh féin agus ag glaodhach, sin cosamhlacht go n-eireóchaidh an lá suas go breágh.
Pádhraic Pléimeann
Coille Cotla
Dúnmór
ó Seán Ó Dísgín
Coille Cotla- Collector
- Pádhraic Pléimeann
- Gender
- Male
- Address
- Woodfield, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Disgín
- Gender
- Male
- Address
- Woodfield, Co. Galway