Scoil: Béal Átha Gearr

Suíomh:
Ballygar, Co. Galway
Múinteoir:
Labhrás Ó Síoráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0046, Leathanach 0172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0046, Leathanach 0172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha Gearr
  2. XML Leathanach 0172
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá dhá thobar atá clú mór orra ins na hait seo.

    Fuair Séamus O Caomhánaigh an giota seo ó'n a mhathair. Tógadh a mhathair i mBaile an Leasa atá míle slige ó Bhéal an Átha Mhóir. Tá a mhathair 50 blian d'aois anois.

    Tá dhá thobar atá clú mór orra ins na h-áite seo. Tá siad ag Baile an Lios. Tugtar Tobar na gCapall ar ceann acú agus Tobar Buidhe ar an gceann eile.
    Sé an caoi a fuair Tobar Buidhe a ainm ná léigheas atá ann. Deireann na daoine go bhfuil an tobar sin indonn an "jaundice" a léigheasú acht bheadh sé ar an duine dul ar maidin Domnaigh roimh éirigh na gréine agus dul isteach san tobar annsin. Dubhairt mo mháthair liom go mbíodh siad ag teacht ann o Athá Luain agus o áitheaca eile agus go dtagaidís tratnóna Satairn agus go bhfanaidís i dteach mo mháthair ar feadh na h-oidhche. Tá cloch mór go leor ann agus ta sé cómh cruinn.
    Tá an tobar eile timhcheall 300 slat ó Tobair Buidhe agus tá lios mór ar árdán in aice leis. Dubhairt mo mháthair liom go raibh gaolta m'athair amach ag déanamh slíghe cun treabhadh le capaill in ionadh láighe. Ní raibh aon céacht acú acht láighe déanta suas már tá sé 200 bliadhain o shoin beagnach. Sé an t-ainm ceart ar an lios na Lios Dubh (?)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Caomhánaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Ballinamore Bridge, Co. Galway