School: Dubhras (roll number 6319)

Location:
Doorus, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Mearacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0022

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0022

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhras
  2. XML Page 0022
  3. XML “Seanfhocla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    23) Bíonn gach duine go lághach go dteigheann bó in a gharraidhe
    24) Geibheann an capall bás an fhaid a bhíonn an feár ag fás
    25) Is maith an capall nach fágann barrathuisle
    26) Is feárr dreóílín ar dorn ná corr ar cháirde
    27) Ní thagann ciall roimh aois
    28) Nuair a chruadhann an tslat is deacair a sníomh na gad
    29) Is feárr leath bhuilín ná arán ar bhith
    30) Is feárr focal sa gcuairt na bonn sa sparán
    31) Is minic do leag cloch beag fear marbh
    32) Is iomdha cor a cuireann lá Earraigh de
    33) Is deacair toghaidh idir dhá ghabhar dhall
    34) An té nach gcuireann san Earraigh ní bhaineann sé sa bhFóghmhar
    35) Nuair labhrann an cuach i crann gan duilleamhair díól do bhó agus ceannuigh arbhar
    36) Síoda ar Siobhán agus preabán ar a athair
    37) Is mór an nídh an neart
    38) Is olc an cú nach fiú fead do leigin uirri
    39) Nuair is cruaidh do'n cailligh caitheann sé rith
    40) Briseann an dúthchas tré shúilibh an chait
    41) Is maith sugh bó beo nó marbh
    42) Mol an óíge agus tiocfaidh sí
    43) Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Chárrthaigh
    Gender
    Female
    Address
    Kinvarra, Co. Galway
    Informant
    Miceál Ó Cárrthaigh
    Gender
    Male