Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)
- Suíomh:
- Doorus, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Mearacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhras
- XML Leathanach 0032
- XML “Cluichí na Samhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cluichí na Samhna
Bíonn bairghin breac aca le h-aghaidh an suipéar agus bíonn go leór rudaí istigh ann. Bíonn ceirt, raol, méaracán, cipín agus fáinne. Deirtear gur an duine a geibheann an raol mbéadh saidhbhreas aige, an duine a gheibheann an méaracán – pósfaidh sí táilliúir, an duine a gheibheann an cipín - go bhfuighfeadh sé bás i dtosach agus an duine a gheibheann an fáinne - go bpósfaidh sé i dtosach.
Cuirtear trí fó cupáin ar an mbord, cuirtear cré i gceann aca uisge i gceann eile agus fáinne i gceann eile. An duine a cuireann a lámh ar fáinne beidh sé pósta i dtosach, an cré - nach bpósfaidh sé ariamh, agus an t-uisge go mbeidh sé ag dul thar fairrge.
Cuirtear tubán uisge i lár an urláir agus cuirtear a lán ublaí isteach ann agus bíonn gach duine ag iarraidh breith ar ubhall le na béal.
Gheibheann siad cnódha agus cuireann siad ar an teinteán iad, ainm buachaill ar cheann aca agus ainm cailín ar cheann eile. Má léimeann an dá cheann le chéile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Chárrthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kinvarra, Co. Galway