Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)
- Suíomh:
- Doorus, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Mearacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhras
- XML Leathanach 0025
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(27) Ní truimide an loch an lachan, ní truimide an t-each a srian, Ní truimide an caoire a olann s nó trimide an ceann chiall
28) Na trí rudaí is measa sa teach:- an braon anuas, simléar deataigh agus báírseach mná29) Is feárr éan i do bhos na dhá cheann sa tor
30) Is iomdha lá sa gcill orainn
31) Is feárr go deirneach ná go bhráthach
32) Is dána gach mada i doras a thighe féín33) Ná caith amach an t-uisge salach go mbeidh an t-uisge glan istigh34) Na trí rudaí is furasta a ghorthuighe:- súl, glún and uilinn35) Níl sógh gan an-shogh
36) Ná bí cruadh is ná bí bog
37) Ceannuigh sean rud 's bí gan aon rud
38) Ní lá go maidin é39) Is dána much na gabhair ach sáruigh bean an deabhail
40) Is feárr suidhe geárr ná seasamh fada
41) Ná cómhair na sicíní go dtagadh siad amach
42) Scuabhann scuabh nua glan
43) Ní rún é má tá fhios ag triúr é
44) Caoire mór an t-uan i bhfad
45) Ní thagann ciall roimh aois
46) Is binn béal na thost
47) Nua gach biadh agus sean gach diadh
48) Mol an óige is tiochfaidh sí
49) Dá fhaid an lá tagann an oidhche
50) Is feárr uair ar maidin ná dhá uair san tráthnóna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Fhathaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cregboy, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Eidhin
- Inscne
- Baineann