School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)B) Ní mheileann muilneóirí an ceanntair seo aon arbhar lá Féil Mártain.Ní dhéanann feilméaraí obair ar an dtalamh an lá sin.Marbhuightear coileach lá Féil' Mártain agus scaiptear an fhuil ar fud na cistinneach agus ar ursain an dorais. An duine a mharbhuigeann an coileach gearann sé comharta na croiche ar a bhaithis leis an bhfuil.Má bhíonn muc nó aon ainmhidhe ag dul ó rath is gnáthach do na daoine í thabhairt do Mhártain.Bhí cráin muiche ag bean fadó, agus gheall sí go dtuibhrfadh sí an chráin do Mhártan. Mharbhuigh sí molt 'na h-áit. Cúpla lá 'na dhiaidh na Féile fuair an chráin muice bás. Oidhche Feil' Mártain marbhuightear sean-chearc ceart. Cuirtear an chearc ar bhruith agus cuirtear naigín de chruithneacht tríd an anbhruith.
C) SAMHAINOidhche Shamhna fagtar dá chnó ar an teaghlach agus cuirtear ainmneacha fir agus mná ortha. Má léimeann ceann aca ó'n dteaghlach ní pósfaidhe an bheirt sin. Má fhanann an bheirt in aice a chéile, posfar an bheirt sin.Is gnáthach do na daoine na doirse a fhágháil ar osgailt le fascadh a thabhairt do na(continues on next page)- Informant
- P. Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Kinvarradoorus, Co. Galway