School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0139
  3. XML “Scéalta faoi na Sióga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rud dhuith is beidh leigheas agat le chuile dhuine" arsa sé "ach ná innis aon rud a chonnaic tú acht má innsigheann ní bheidh aon mhaith ins an mbuidéal". Thug sé an buidéal di annsin. "Is gearr go caillfear [> gcaillfear] mise" arsan 'lad'. Fuair sé bás go luath in a dhiaidh sin. Sin í 'Biddy Early' anois.
    (5) An lá seo nuair a bhí an ghrian ag dul faoi chuaidh an fear seo amach go dtí gort a bhí istigh i lár coille ag [!] bhí sé ráidhthe go raibh sidheóga ann. Nuair a tháinig sé ann chonnaic sé lomra ór agus é ceangailte de chrann dairighe le targne agus ag bun an chrainn bhí leamhan nach rachadh a chodhladh de lá ná d'oidhche acht ag déanamh siorfhaire ar an lomra agus do shluigfeadh sé 'na chraos mhór aonne do thiocfadh i ngaobhar i dhiaidh an lomra óir. Acht bhí na sidheóga ag iarraidh an lomra a fhághail. Thosuigh fir iarainn ag éirighe as an talamh ar fuid an ghuirt. Bhí cuid aca nach mór as an talamh agus bhí cuid aca ós cionn an talamh ó na nglúnaibh cuid aca ó na másaibh agus ní raibh cloigeann nó éadan le feicsint ar aon duine aca. Acht gach duine a thiocfadh in aice leis an lomra d'ithfeadh an leamhan é. Tháinig faitcíos ar an fear mar shíl sé go n-íosfadh an leamhan é. Rith sé leis féin. Tháinig sé go gleann a bhí abha ag rith tríd agus bhí droicheadh beag adhmaid ag dul treasna air. Chuala sé torann mór agus thuig sé ar an nóiméad céard a bhí ann. Bhí an uisge ag teacht síos ó na cnoca mar bhí sé ag bástighe. Nuair a bhí sé ar an droichead sgiorr a chos. Nuair a sheas sé suas bhí sé ró-deireannach mar bhí ann uisge ag teacht suas an abha agus bhí fhios aige go sguabfadh sé an droichead agus go marbhóchaidh é. Do sheas an ghruaig ar a cheann mar a sheasfadh na cuileóga air an gráineóig. Bhí sé tuigthe suas aige. Nuair a bhí an uisge i ndán troigh dó tháinig solas augs scar sé a solas ar chuara bán an t-uisge. Ar an nóiméad scap an uisge agus chuaidh sé thar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Riocáird de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Cahermore, Co. Galway