School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0147
  3. XML “Arán sa gCeantar Seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Arán sa gCeanntar seo.
    Arán cruithneachtan a bhí san áit seo chuile lá ariamh. Corr-theach bhíodh cáca min-choirce aca, ach ní raibh muileann min-choirce níos goire ná Creachmhaoil. Bhí bró ins gach teach an uair sin. Sul a mheilfeadh siad an chruithneacht chuirfeadh siad lá [!] an bhácúis di ar an teine le n-a cruadhachan. Bhíodh beirt ag meilt, duine ag casadh agus an duine eile ag leigint an ghráin síos san bpoll sa gcloich uachtarach. Ba bheag achar a thóigfeadh sé ádhbhar cáca a mheilt. - Dhéanfá cloch san uair gan stró ar bith.
    Bocstaí :- Bhí arán bocstaí go fairrsing go dtí le blianta anuas. Le bocstaí a dhéanamh gheobhfá lán an bhácúis d'fhataí nighte, agus iad a scríobadh le 'scrapper'. B'é an rud sin ná píosa stáin láidir is é lán le puill bheaga. Scríobfá na fataí isteach í mála beag lín-éadach. Annsin chaithfeá an mála sin a cheangailt agus é a fháisgeadh go maith le nach mbeadh uisce ar bith fágtha ann. Cuir gráinne plúir tríd agus cuir dá bhácáil é. Beidh cáca blasta agat, má tá goile agat chuige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraic Ó Nualláin
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Kinvarra, Co. Galway