Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Kinvarra, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá triochad is dhó conndae i n-Éirinn agus tá alán bailte beaga ann agus níl ceann aca nach raibh droch-aimsear nó storm aca. Tá alán comharthaí na h-aimsire ag na sean-daoine i gCinn Mhara agus seo cuplá ceann anois.Bíonn droch-aimsear againn nuair a téigheann an ghrian síos go h-án dearg. Bíonn báisteach ann nuair a bhíonn na scamaill dubh dórchá. Nuair a chíonn tú píosa beag tur-ceatha ar maidin os cionn an t-sléibhe bíonn droch-aimsear ann. Bíonn storm againn nuair a bhíonn an fhairrge ró árd. Nuair a shéideann an gaoth adhthuaith aniar agus adhthuaith bíonn sneachta againn. Tugann an ghaoth ó dheas an cuid is mó báisthighe dhúinn.Bíonn na h-éanlaithe ag sgreadhad agus ag eitilt annseo is annsúd nuair a bhíonn an bháisteach ag teacht. Nuair a shuidheann an cath cois na teineadh agus a dhruim leis bíonn storm ag teacht agus nuair a bhíonn sé ag sgriobadh admaidh. Nuair a bhíonn an madadh ag ithe féir bíonn an bháisteach ag teacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Úna Ní Móráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kinvarra, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Parthaláin Ó Mhóráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Kinvarra, Co. Galway