Scoil: Dún Doire - Breandán Naomhtha
- Suíomh:
- Duniry, Co. Galway
- Múinteoir: Mícheál Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Siubhalann síad arís ar casán buailte treasna ar leac atá ós cionn sruthán an tobair go dtí go dtagann síad arais arís do dtí an áit a tosuigh síad. Déanann síad sin trí h-uaire ag bíonn turas déanta aca annsin. Nuair a bhíos sin d eanta aca nigheann síád a cosa agus a lamha agus tógann síad deoc.
Ag bun an crainn atá an tobar ceann beag ata ann ach bíonn uisge ann i gcomhnuidhe. Ta cloc sa talam agus tá rudaí gearrtha amac ann. Bhí breac 'san tobar uair amháin agus is 'san breac sin a bhí an buadh. Nuair a bhí an turas déanta ag bean, uair, tháinic sí chuig an tobar agus bhí a mach in einfheacht leí. Bhí an breach sin in-dhon go leór galair a leigheasadh go mór-mhór súile tinn. Bhí galar éicint ar cloigeann an gasúir agus theastuigh uaithi an galar a leigheasadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)