School: Cillíní Díoma (roll number 15071)
- Location:
- Killeenadeema, Co. Galway
- Teacher: Uinsionn Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cillíní Díoma
- XML Page 0247
- XML “Gasúr na Cuinneoige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fá dear é ach is cosamhail gur raibh sí féin óg am amháin mar níor dhubhairt sí dadaidh.
I gcionn tamailt dubhairt sí leis an gcailín "tá an tim gann." Déan deifre agus deanfaidh muid cuid dó. "Á" arsa an cailín "tá do sháith agat." "Níl" arsa sise, agus fuair sí canna uisce agus chaith sí isteach san gcuinneóig é, agus le sin léim an taidhbhse amach aistí agus an siubhal leis go tuigh géar is thiocfadh leis.
Nuair a chonnaic an cailín seo thuit sí i laige [?], cuirfeadh a luighe í, agus nuair a tháinic sí aici féin arís dubhairt bean a toighe nár chóir a beith ag iarraidh barraidheachta. "Bhí an ceart agat", arsa sí. "Bhí ár sáith ime againn. Gnidheann go leor gnaithe i gcomhnuidhe."
Bhí go maith agus ní rab go h olc ní dhearna an gasúr stad nó sgith go raibh sé giota maith ar shiubhal. Annsin shuidh sé ar taoibh an bealaigh mhóir agus deir sé leis féin "nach orm a bhí an tádh. Má bhfuair sí maide na cuinneóige bhíodar réidh liom nó bhrisfeadh sí mo chloigeann le buille amháin.
Sí Maire a dinnis sin duithe. Gheobhaidh mé cochrom na féinne lá éigin, agus b'é fhéin a fuair é agus a shaith leis. Cúpla oidhche in a diaidh sin bhí an bheirt ag siubhal thart fan mban(continues on next page)- Collector
- Prionnsíos Ó Conáin
- Gender
- Male