Scoil: Cillíní Díoma (uimhir rolla 15071)
- Suíomh:
- Killeenadeema, Co. Galway
- Múinteoir: Uinsionn Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cillíní Díoma
- XML Leathanach 0299
- XML “Seaniarsmaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seaniarsmaí
“Tá cloch mhór tuas i mbuaicín i dtalamh Sheain Uí Fhloinn”
Tá cloch mhór tuas i mbuaicín i dtalamh Sheain Uí Fhloinn agus tá lorg loise agus méire uirrí. Deirtear gur sagart a dfhág annsin é, go n deachaidh sé cun ola deidheannach a thabhairt do dhuine, go bhfaca sé na saighiúirí ar a tóir go n deachaidh sé ar a ghlúna annsin ag ghuidhe dé agus gur fhág sé a laimh annsin.Tá cloch mhór shíos ag tobar dhamhnait gearrtha i gcosamhlacht cathaoireach agus deirtear gur suidh Naomh Damhnait uirri. Ta cloch eile fuirrí, a deirtear, a n deachaidh sí ar a glúna. Tá uisge i bpoll agus tá leigheas do ghairt ann.Ta cloch i mbaile na gCrocán agus tá sé ann le ceithre chéad blian. Ta bean curtha guithe agus tá sgriobhinn áithrid sgríobhtha uirrí. Is cinnte go bhfuil fear beag le feiceal gach oidhche agus bféidir gur ag cosaint an uaighe atá sé. Deirtear gur leipriachán atá ann ach ta faitchíos aoinen dul in a aice leis ach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Prionnsíos Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74