Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0221
- XML “Scolóigín na Féasóige Liath agus Mac na Baintrí”
- XML “Toirneach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)séanta ag mac na b. Do bhuail faitchíos a raibh láithreach nuair a chuala siad an glór mná imeasg na gcearc, ach brón a tháinic ar mhac na baintreabhaighe mar gheall ar gur shéan sé Inghean S. na .f.l. agus d'iarr sé párdún uirthi agus fuair agus tháinic sí ar ais i gcuma mná arís agus chuaidh sí féin agus mac na b. i gcomhairle le chéile. Phósadar agus chuaidh diad in-a gcomhnaidhe i dtigh Mhic na B. agus mhaireadar go maith le chéile as sin amach.Críoch.
[Tá leagan i bhfad níos fearr de'n sgéal seo .i. leagan Bheartla Tom Saile - curtha isteach chuig an gCumann Re Béaloideas cheana ag Pádhraic Ó Finneadha, an Lochán Beag, Cois Fhairrge.] - Dá mbeadh ál uibheacha shíos faoi chearc agat agus teagadh an toirneach ortha ní thiocfa siad amach, sin nó marbhóchthar go leór de na héin sna h-uibheacha.
Dá mbeadh leann réidh agat (le poitín a dhéanamh) aimsir thoirnighe mhillfeadh an toirneach an leann. Is minic a chuirtear iarann sa leann (e.g. slat iarainn) aimsir toirnighe, le n-a shábháil. Ach is beag poitín de'n raith is féidir a dhéanamh de leann ar bith a mbeireann an toirneah air.
Géaruigheann an toirneach bainne agus cuireann thrí n-a chéile é.
"Óra a dheabhail, beidh an pórtar millte!" adeireadh Sean-L. nuair a chloiseadh plump toirnighe. (.i. an barraille a mbeadh an 'tap' ann thagadh blas gránna air de bharr na toirnighe agus níor bh'fhéidir é ól bíodh se chomh géar sin.- Faisnéiseoir
- Tom Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Na hAille, Co. Galway