Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. Galway
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0228

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0228
  3. XML “An Fear Amplach”
  4. XML “An Fear Antlásach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhi fear fadó ann, agus bhí sé na chodladh oidhche amháin. Bhí brionglóid aige. B'fhacthas dó sa mbrionglóid go bhfaca sé tarbh in a leithéid seo d'áit, agus dá dtiubhradh sé leis an tarbh agus é a dhíol go bhfaigheadh sé chuig chéad punt air, ach go gcaithfeadh sé céad amháin a fhágáil sa n-áit a bhfuair sé an tarbh.
    D'imthigh sé ar maidin go moch agus fuair sé an tarbh.
    Dhíol sé é agus fuair sé an chuig chéad air. Ach bhí leisge air an céad a fhágáil i n-áit an tairbh, agus nuair a d'éirigh sé ae maidin, bhí an t-airgead ar fad a fuair sé ar an tarbh tugtha chun bealuigh.
    Sean-fhocal é mara n-íoca tú do chuid fiacha ní dhéanfar aon mhaith dhuit.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí sean-fhear fadó ann agus bhí sé ag cur isteach na bhfataí. Nuair bhíodar istigh ar fad aige, bhí sé tamall ag breathnughadh ortha. Dubhairt sé leis féin: Dá mbeadh siad tomhaiste leis an bpoitín agam bheadh fhios agam
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eoghan Ó Neachtain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cnoc, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Neachtain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Cnoc, Co. Galway