Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0250
- XML “Tiobóid Dábhaic”
- XML “Iascach Am Aifrinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go ríméadach. Dubhairt sé le na bhean an pota a chur síos ar an teine agus chuir sé síos an easgon ann. Nuair a bhí sí bruithte aige leag an bhean amach ar phláta aige í ach ní mórán dhe a bhí ithte aige nuair a d'oibrigh sí in a bhlog agus thosaigh sé a réabadh agus b'éigin dá bhean imtheacht uaidh agus cailleadh é fhéin.
- Bhí fear fadó ann agus chuaidh sé síos ag iasgach Domhnach roimh an Aifreann. Trí bhreac a bhí marbhuighthe aige roimh uair an Aifrinn. Nuair a thosuigh an t-Aifreann annsin bhí sé ag marbhú go leór breac. Bhíodh trí cinn agus cheithre cinn ar aon dubhán amháin. Nuair a stop an t-Aifreann ní raibh sé ag marbhú ceann ar bith. Annsin leag sé ar an talamh a raibh marbhuighthe aige agus bhreathnuigh sé thairis. Nuair a d'iontuigh sé ní raibh ann ach dearga daoil ach na trí cinn a mharbhuigh sé roimh an Aifreann.
- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Cearra
- Inscne
- Fireann