Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. Galway
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0251

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0251
  3. XML “Fáisc, Fáisc, a Ribe!”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go teach an-mhór. Chuaidh sé isteach ann agus chonnaic sé bean óg istigh i seomra ag caoineadh. Labhair sé léithi agus d'fhiafruigh sé dhí céard d bhí uirthi. -Á, adeir sí, imthigh leat as seo. Tá mise pósta le fathach, acht nuair a phós mé é chuir mé dhe gheasaibh air gan teacht im' aice go ceann seacht mbliadhna; agus is gearr go mbeidh na seacht mbliadhna thuas anois. Má bheireann sé istigh ort marbhóchaidh sé thú.
    Acht d'fhan mac na baintreabhaighe istigh go dtáinic an fathach. Nuair a tháinig sé isteach dubht sé, -
    Fú fá féasóg, fághaim boladh an Éireannaig, bhréagaigh bhradaigh; is mór liom dhe ghreim thú agus is beag liom dhe dhá ghreim thú. Cé fearr leat troid ar leacrachaibh glasa ná ag cur sgeana dearga i mbarr easnacha a chéile?
    - Is fearr liom ag troid ar leacracha glasa an áit a mbeidh mo dhá chois mhíne ag dul in uachtar agus do dhá chráig chama ag dul in íochtar.
    Rugadar isteach faoi na chéile agus thosaighdear ag coraidheacht go rabhadar ag tabht. toibreacha fíor-uisge aníos as na leacracha. Ag tarraingt ar an tráthnóna tháinic spideóg chuig an áit a rabhadar ag troid agus dubht., - A mhic na baintrighe tabhair do chúl do'n ghréin agus cuirfidh tú fút é. Thug mac na b. a chúl do'n ghréin agus mharbhuigh sé an fathach. Phós sé an bhean óg annsin agus bhí togha saoghail aige ar feadh i bhfad, agus bhí barr meala ar an tobairín sa mbaile i gcaitheamh an achair sin.
    Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Nuair a bhí sé tamall pósta thosuigh giorrfhiadh ag teacht chuig an teach ann agus bhíodh ag caoineadh ar an bhfuinneóig 'chuile lá ag ithe a ndinnéir dóibh. An lá seo, ar chuma ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. Galway