Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0280
- XML “An tOileán Draíochta”
- XML “An tOileán Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ach níor fhan sé osgailte acht trí bliadhna go leith, agus mar sin ní raibh acht leath na dochtúireachta aige.
- Tá oileán draoidheachta le feiceál i gcuan na Gaillimhe 'chaon seachtmhadh bliadhain.
Chuala mé go raibh fear ag dul thart i gcurrach ar an bhfairrge Oidhche Chinn an Dá Lá Dhéag agus go bhfaca sé solus gar dhó ag corruighe agus rinne sé air. Bhí fhios aige gurbh é an t-oileán draoidheachta é. D'eirigh leis píosa iarainn a bheith san gcurrach aige. Chaith sé isteach ar an solus é agus níor airigh sé gur bhuail an churrach bruach. Léim an fear ar an talamh. Bhí sé ag siubhal agus 'sé an chéad rud a chas leis ná teach beag. Chuaidh sé isteach ann ach ní fhaca sé aoinne. Ba gheárr go dtáinic bean óg bhreágh aniar as an seomra agus dubhairt sí: "An bean bhreágh mise?" Agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. Galway