Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i n-aice le loch mhór. Breathnóchaidh tú suas ins an spéir, feicfidh tú dá eala dhéag ag teacht agus sin iad clann inghean an ríogh sin. Agus feicfidh tú naipcín glas i ngob ceann acu. Sin í an inghin is óige. Coinnigh do shúil ar an naipcín agus nuair a thiocfas siad ag snámh ins an loch féach leis an naipcín a fhághail. Sin é ar féidir liom do dhéanamh dhuit faoi láthair. Buail suas ar do chapall anois." Leis sin chuir sí trí shéideóg i gcluais clí an chapaill agus as go bráth léi thar chnoic thar ghleannta thar mhuir mhóir agus thar choilltibh gur shíl sé go raibh sé ag deireadh an domhain. Do sheas an capall agus rinne sé mar dubhairt an t-sean-bhean leis agus do chonnaic sé na h-ealaí ag teacht agus d'ísligh siad ar bhruach an locha agus bí cinnte gur choinnigh sé súil ar an naipcín. Chuaidh na h-ealaí isteach ag snámh ins an loch. Bhí seisean ag éalughadh ins an bhféar fada go bhfuair sé greim ar an naipcín. Tar éis tamaill tháinig siad isteach as an uisge agus bhí siad ag imtheacht ó cheann go ceann nó go dtí an ceann deireannach agus dubhairt sí "Duine ar bith a thiubhras mo naipcín dhom déanfaidh mé rud ar bith dhó is féidir liom a dhéanamh." Annsin tháinic sé i láthair agus dubhairt sé léithi nach raibh sé ag iarraidh tada ach é thabhairt go dtí teach a h-athar. Dubhairt sí go dtiubhradh ach gan é d'innsint d'aon neach beó.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádraig ac Thuathaláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Seosamh Ó Cúláin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. Galway