Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0159
- XML “Daoine Cáiliúla san Áit seo agus Eachtraí a Bhaineas leo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Gaillimh agus cliabh uibheacha agus im uirthí. D'fhágadh sí an teach ar a ceathair ar maidin agus bheadh sí san mbaile arís i n-am dinnéir. Tá sí an t-sean anois acht bhí sí go maith nuair a bhí sí óg. Tá sí timcheall 93 bliadhain anois Nóra an Táilliúra shiúbhail sí ó'n gCloich Mhóir go Tuaim lá fada Samhraidh agus páiste ar a druim aice d'fág sí an teach ar a ceathair a chlog ar maidin agus bhí sí sa mbaile arís trathnóna ar a deich a clog.
Bairbre Ní Churraidhin as Caorán siúbhail sí go Gaillimh agus tháinig sí abhaile arís an lá céadna agus céad min-bhuidhe aice agus ní raibh bróg ná stoca uirthi acht péire miotáin.
Nan Seóige as Leitir Mucadha shiúbhail sí go h-Uachtar Árd ag iarraidh sé clocha déag mine. Ní raibh asal ná tada aice acht an báinín casta aniar aice air agus thug sí go Baile na h-Abhann é. Tuairim seacht míle déag abhí le siúbhal aice.
Fear maith shiúblóchadh sé chúig míle i n-uair a chluig.
Fiadhach Ó Feinneadha as Doireadh bhí sé i ndon cheithre troigh déag a chaitheamh.
Trí portach a bheadh le taobh a chéile chaith sé é sin aon lá amháin.
Páidín a tháinig na dhiaidh agus léim sé ar a dhruim. Colm Ó Coisdealbha a tháinig na dhiaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Cualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. Galway