Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. Galway
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0190

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0190

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0190
  3. XML “An Inid”
  4. XML “An Inid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Ins an Inid is mó a phósann na daoine a bhíos ag dul a pósadh. Bíonn an Inid ann ó Nodlag go dtí Céadaoin na Luaithre. Sé an chéad rud a déannan an fear a dteastuigheann an bhean uaidh ná a dhul go dtí cara dhó atá ciallmhar tuigsionach agus deireann leis a dhul go dtí a léithéid seo do mhnaoí ghá h-iarraidh dhó. Geibheann sé buidéal poitín do'n teachtaire agus nuair a tagann an oidhche buaileann mo dhuine isteach i dtigh an chailín óig. Ní bhionn sé i bfhad istigh nuair a innsigheann sé nach ar cuairt agus tarrnuigheann sé aníos an buidéal as a phóca. Tugann sé thart ar muinntir an tíghe é agus tosnuigheann air ag innseacht faoí an méid talamh atá ag an bhfear a bhfuil an bhean ag teastáil uaidh, an méid beithidhigh, caoirigh, agus gach rud dhá bfhuil aige.
    Má bhíonn fear a'tíghe sásta leis an sgéal sin cuirtear an cheist ar an gcailín óg agus má bhionn sí sin sásta ceaptar amach oidhche an chleamhnais.
    Tugann an buachaill cuireadh do cheathrar no cúigear a mbíonn gaol aige leób agus déanann muinntir na mná óige an rud céadhna. Bailigheann siad lé chéile i dteach an cleamhnais. Bíonn damhsa agus rí-rá aca annsin go maidin. Téidheann an buachaill óg go dtí an seomra agus socruigheann sé fhéin agus fear a' tighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.